________________________________________________
Seoda na Sean atá ar an saothar seo agus go deimhin fhéin tá seoda go leor ann. Anseo gheobhaidh an t-éisteoir féasta amhrán agus ceoil.
Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoin saothar seo Seoda na Sean ná go bhfuil an rud ar fad, idir amhráin agus cheol, chomh pearsanta sin.
Tugann Pádraig Mac Cárthaigh omós ceart do na hamhráin agus do na filí a chum iad. Tá an paisean atá aige do na hamhráin seo le mothú go láidir ann. Tá amhráin atá ligthe i ndearmad tógtha gar dá chroí ag Pádraig Mac Cárthaigh agus cuisle na beatha curtha ag preabadh arís iontu.
Tógann sé muid in éindí leis ar thuras pearsanta. Meallann sé muid isteach ina intinn agus ina chroí fhéin.
Leis an taighde atá déanta aige agus na smaointe a roinneann sé linn, tógann sé muid go domhain isteach ins na hamhráin. Míníonn sé an comhthéacs stairiúil a bhaineann leis na hamhráin agus osclaíonn sé amach dúinn iad.
Is annamh a bhíonn seans mar seo againn na tuiscintí agus na mothúcháin atá ag an amhránaí fhéin faoi na hamhráin a chasann sé/sí a bhlaiseadh.
Is ealaíon phríobháideach í ar deireadh an amhránaíocht cé go léirítear go minic i láthair phoiblí í. Ach ligeann Pádraig isteach muid insan taobh príobháideach leochaileach seo dá shaol agus is rud álainn é sin ann fhéin.
Molaim go mór Pádraig Mac Cárthaigh as Seoda na Sean a thabhairt dúinn. Ní bréag a rá gur saothar fiúntach é.
Ar ndóigh molaim chomh maith na ceoltóirí atá in éindí leis Seamus Sands, Garry Cronin, Colm Murphy, Desy Mc Cabe agus Diarmait Mac Cárthaigh.
Go maire siad ar fad i bhfad inár measc le binneas a gcuid ceoil agus le háillleacht a gcuid amhrán a roinnt linn
_ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _
The sweetness of the music and the beauty of the songs in this collection Seoda na Sean is exceptional. Everything about it is personal which is in itself a beautiful thing.
A little gem!
Antaine Ó Faracháin,
Aibreán 2025